is olc an ghaoth...

Saturday, January 9, 2010

Should I teach my child to write his/her own name before going into school?

Ní dhéanfaidh na scoileanna mórán scríbhneoireachta an chéad bhliain don pháiste dul ar scoil. Is ar réamhscríbhneoireacht is fearr aird a thabhairt uirthi. Séard atá i gceist le réamhscríbhneoireacht ná na scileanna fisiciúla atá de dhíth orainn le smacht agus eagar a chur ar pheannaireacht (uirlisí scríofa). Samplaí de seo is ea:

- leabhair le pictiúirí móra le dathú ann a thabhairt do do pháiste, agus críáin. Agus ardmholadh a thabhairt do do pháiste nuair a choinníonn siad an dath taobh istigh de na línte cuí – agus moladh fiú nuair nach gcoinníonn.

- Lúbraí páipéir, pictiúirí déanta as poncanna le ceangal le chéile i line (gan uimhreacha).

- Cluichí a chothaíonn smacht idir méara agus súile, mar shampla, míreanna mearaí, blocanna ar nós Lego, srl., déanamh braisléidí agus muincí ó phaicéidí speisialta nó díreach le pasta agus snáth, cluichí chaitheamh liathróidí

- Clár dubh agus cailc (is féidir balla a phéinteáil le péint speisialta, má tá balla oiriúnach agat sa teach chuige seo)

- marla, gaineamh agus uisce,

Tá neart ábhair ar fáil saor in aisce ar an idirlíon ach é a ghúgláil.



Schools will not do a lot of writing in your child’s first year. You would be better concentrating on pre-writing skill. What this means is the physical skills needed to control and manipulate penmanship (writing tools). Examples of this would be:

- give your child books with big pictures to colour in, and crayons to go with it. And praise your child when they stay inside the line, and even when they don’t.

- Mazes (on paper), join-the-dot pictures (not numbered)

- Games that encourage hand-eye control, for example, jigsaws, blocks such as Lego, etc., Making bracelets and necklaces out of ready-made kits or simply some pasta and thread, games involving ball-throwing and catching

- Backboard and chalk (if you have a suitable wall, you can get special paint and create your own blackboard wall)

- Plasticine, sand and water

There is a lot of available material on the web, if you google it.

No comments:

Post a Comment