
Cluiche fichille a bhí ann. Gháir an duine a bhain le háthas, ansin thit sé ina chnap mar bhí sé tuirseach ó bheith ag díriú ar an chluiche ar feadh tréimhse.
Bhí an-dúil ag Áine sa dath buí. Bhí gach balla ina bungaló nua daite buí, bhí gach cairpéad buí, bhí na cúirtíní buí, bhí an tolg buí, bhí na cófraí sa chistin buí, bhí cuilt bhuí ar a leaba, bhí lusanna cromchinn buí ina gáirdín, agus bhí a cuid éadaigh uilig go léir buí. Cén dath a bhí ar a staighre?