is olc an ghaoth...

Wednesday, June 1, 2011

beirt in aon seomra - freagra



Cluiche fichille a bhí ann. Gháir an duine a bhain le háthas, ansin thit sé ina chnap mar bhí sé tuirseach ó bheith ag díriú ar an chluiche ar feadh tréimhse.

beirt in aon seomra - ceist



Tá beirt in aon seomra amháin ina suí ag tábla. Níl duine ar bith eile sa seomra. Ní labhraíonn ceachtar acu ar feadh uair a' chloig. Tá tost iomlán sa seomra seachas tic-toc an chloig.






Go tobann, léimeann duine acu san aer le gáir áthais, díreach ina dhiaidh sin titeann sé ina chnap ar an urlár ag screadaíl. Cén fáth?

Friday, May 27, 2011

An garáiste - freagra



Bhí an freastalaí in ainm is bheith ag obair i rith na hoíche. Thit sé ina chodladh nuair a ba cheart dó bheith ag obair.

An garáiste - ceist




Bhí lá ann gur rith freastalaí garáiste isteach san oifig a luaithe is a tháinig an bainisteoir isteach.



D'inis sé don bhainisteoir go raibh brionglóid aige i rith na hoíche go ceann de na pumpaí pollta, agus ag ligean d'ola scaoileadh amach, agus gur phléasc an stáisiún.



Níor chreid an bainisteoir é ar dtús, ach ansin chuaigh sé amach agus scrúdaigh sé na pumpaí, agus tháinig sé ar pholl i gceann acu.


Mhúch sé an pumpa sin ar eagla go mbeadh timpiste ann mar a thuar an freastalaí.



Ansin thug sé bata is bóthar don fhreastalaí. Cén fáth?

Thursday, May 26, 2011

lorraí - freagra



Lig siad an t-aer amach as na rotha. Islíodh an lorraí agus bhí siad in inmhe an lorraí a tharraingt amach as faoin droichead!

Lorraí - ceist



D'fhéach lorraí le dul faoi dhroichead, ach bhí an droichead ró-íseal, agus chuaigh an loraí i bhfostú faoi.


Stop daoine a bhí ag dul thar bhráid agus rinne siad iarracht cuidiú leis an tiománaí, chun é a fháil amach as an lorraí, ach theip orthu.



Agus ní bhogfadh an lorraí soir ná siar.


Cén réiteach a bhí ar an fhadhb?

Monday, January 17, 2011

Buí -freagra!





Níl aon staighre aici - cónaíonn sí i mbungaló...